Ar an Aoine seo chaite, bhí sé ag cur sneachta go trom. Bhí áthas an domhain orainn. Bhíomar ag súgradh ar feadh tamaillín sa chlós. Rinneamar liathróidí sneachta móra! Creid nó ná creid, chaitheamar na liathróidí sneachta leis an múinteoir! Bhíomar sna tríthí gáire!!! Bhí spórt an domhain againn agus bhí an múinteoir ag gáire fosta.