Bhí lá íontach againn ar an lá speisialta i rith Seachtain na Gaeilge. Thaitin an lá go mór le gach duine, idir páistí agus foireann scoile. Bhí ceithre stáisiúin againn. Bhí gníomhaíochtaí difriúla ag gach stáisiúin ach ní raibh mála scoile le feiceáil sa scoil agus bhí gach rud as Gaeilge. Rinne na páistí damhsaí éagsúla i seomra amháin. Rinne siad saotharlann scipeála sa halla. D’imir siad a lán cluichí boird agus leadóg boird i seomra eile. Amuigh sa pháirc bhí spórt agus spraoi acu le cluichí éagsúla. Chríochnaigh an lá le Tráth na gCeist. Bhí duaiseanna do na buaiteoirí agus dár ndóigh bhí gach duine breá sásta!





















































































































